[ home ]    [ biography ]    [ poetry ]    [ drama ]    [ film ]    [ opera ]    [ photos ]



Tearmann

Winner of Duais an Oireachtais do Dhráma Ilghníomh 2006, and Duais Fhoras na Gaeilge Lios Tuathail 2006.

Pearsana: Aingeal (30 bln), Greta (60 bln), Zoë (30 bln), Marcus (40 bln).

Dráma é Tearmann a scríobh mé le cás na dTeifeach chuig an tír seo a phlé, agus na fadhbannna a bhíonn acu dídean a lorg, a scrúdú. Go minic is cosúil nach mbaintear úsáid as loighic agus iad á gceistiú agus cinntí á ndéanamh fúthu. Bhraith mé go mbeadh sé suimiúil freisin a gcásanna agus an chaoi a gcaitear leo, a chur i gcomparáid lena raibh ar na gliúnta Éireannacha a chuaigh ar imirce chuig tíortha eile, a fhulaingt.

    Scéal domhain uilíoch é seo, a bhfuil lón machnaimh ann faoi mhianach an duine agus faoi éagóir an tsaoil. Dráma dorcha lán le teannas síceolaíoch atá ann, agus réiteach dorcha éadóchasach ina dheireadh. Dráma mór é seo, dráma tábhachtach – chuirfeadh sé Beckett, Kafka, Ó Cadhain nó Pinter i gcuimhne duit.

       Moltóirí an Oireachtais


    Dráma tráthúil é seo a ardaíonn ceisteanna bunúsacha faoin saol agus faoin tír ina mairimid ar shlí íogair chorraitheach.

       Louis de Paor, Moltóir Dhuais Fhoras na Gaeilge


...back to drama