[ home ]    [ biography ]    [ poetry ]    [ drama ]    [ film ]    [ opera ]    [ photos ]



Cóirín na dTonn

Winner of Duais an Oireachtais do Dhráma Ilghníomh 2004. Ardmholadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2004.

Pearsana: Cóirín (33 bln), Críonna (33 bln), Áine (31 bln), Maidhc (45 bln), Ré (42 bln), Tara (21 bln), Muintir an Bhaile.

Bean chúthail í Cóirín, nach bhfuil muínín aici aisti féin, atá tar éis seacht mbliana a chaitheamh ag tabhairt aire dá máthair a cailleadh le deireanas. Tá sí tar éis an tréimhse seo a chaitheamh scartha ón saol. Is mian léi tús nua a aimsiú di féin, ainneoin na bpleananna eile atá a deirfiúr, Áine, agus ag a comharsa, Maidhc, di. Agus mé á scríobh, bhí guth inmheánach Chóirín chomh láidir sin gur bheartaigh mé cruth daonna, i bhfoirm Chríonna, a thabhairt don choinsias seo.

    Tá téama suimiúil sa dráma seo – an bhean atá ag iarraidh éalú ó chéasadh a coinsiasa féin tré dhíospóireacht leis an choinsias sin agus tré iarrachtaí a saol a fheabhsú.

       Moltóir an Oireachtais


    ‘Sóp’ ar fheabhas atá san iarracht so agus ní beag an moladh air é sin. Tá pearsantachta na gcaractaeraí deimhnithe agus so-aitheanta ó chéile. Is féidir báidh a chothú leo agus suim dairíribh a bhraistint ‘na gcúrsaí.

       Máire Mhac an tSaoi, Moltóir Ghradam Litríochta
       Chló Iar-Chonnachta



...back to drama